D’fhág sé an scoil agus thosaigh sé ag obair sa bhádchlós tamall. Bhíodh lastaí móra adhmaid ag teacht isteach ann san am sin agus bhí scaifte mór daoine ag obair ann. Leathbháid is mó a bhí in úsáid ag na iascairí agus sin an bád is mó a bhí siad ag tógáil.
00:02:29
Ag baint faochóga.
00:02:15
Tá na cuibhrinn athruithe anois fosta, tá tithe tógtha ar an chuid is mó, níl mórán eallaigh a gcoinneáil anois. An bhuachailleacht a bhí le déanamh acu ina óige. Bhí beithígh agus asail ag gach teach fosta.